Cúrsaí Náisiúnachas - Nuair a bhí Donnchadh thart fá 12 bliain d’aois [1932 nó 1933]. Scéal suimiúil fá thrioblóid mhór a bhí ag tionóntaí Mhachaire Maoláin nuair nár dhíol siad an cíos agus thóg na péas stoc (beithígh) na bhfeirmeoirí. Cuireadh ochtar chun an phríosúin (seachtar fear agus bean) de thairbhe nach raibh cíos díolta ar feadh 3 bliana nó mar sin. Sé mhí príosúnachta a fuair siad. Níltear cinnte fán dáta ar tharla na himeachtaí seo. Tá na hainmnithe Dan O’Donnell, Peadar O’Donnell, Brigid Boyle agus an tIRA (Irish Republican Army/Óglaigh na hÉireann), RIC (Royal Irish Constabulary/Constáblacht Ríoga na hÉireann) luaite sa phíosa seo. Ballraíocht in Óglaigh na hÉireann. Nuair a fuair na daoine amach as an phríosún, tháinig de Valera isteach ansin agus “fuair sé ar shiúl le hachan rud”. “Húdaí Beag fá choinne Gaoth Dobhair, de Valera fá choinne Ireland”. Ainmneacha na ndaoine a cuireadh sa phríosún - Brigid Boyle, Charlie Sharkey as Machaire Maoláin, Mícheál Mac Giolla tSeachlainn (Heuston) agus Aodh Ó Chnáimhsí, Eddie McGettigan, Peter Brennan, Páidí Ann Boner agus Terence Boner. | 00:22:57 | |